eolas@cilldaralegaeilge.ie

Home Fúinn Baill Ceisteanna Coitianta Ábhair Tacaíochta Preas Teagmháil
Cill Dara le Gaeilge - Eolas Fúinn

Céard é Cill Dara le Gaeilge?

Fáilte go dtí “Cill Dara le Gaeilge”, scéim dírithe ar ghnó a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge i gCo. Chill Dara. Is í aidhm na scéime seo ná tacaíocht agus eolas a chur ar fáil do ghnóthaí ar mian leo seirbhísí a chur ar fáil dá gcustaiméirí trí mheán na Gaeilge.


Cén fáth Contae Chill Dara?

Tá aitheantas agus cáil ar Chontae Chill Dara mar an contae is mór fáis de Ghaeilgeoirí sa tír.  Tá ocht scoil le gaeloideachas ar fáil ann anois, chomh maith le naíonraí, grúpaí pobail, ógeagrais & coláistí samhraidh atá gníomhach sa chontae.

De réir daonáireamh náisiúnta 2011, bíonn breis is 35,000 duine ag labhairt Gaeilge go rialta i gContae Chill Dara!


Cé muid?

Is grúpa oibrí deonacha muid a chreideann go mór sa fís go bhféadfadh pobal na Gaeilge a oideachas, a saol shóisialta agus a seirbhísí ghnó a reachtáil i gCo. Chill Dara trí mheán na Gaeilge. Is é ár sprioc ná gnólachtaí sa chontae a spreagadh, le tacaíocht uainn féin, a gcuid earraí a dhíol nó a gcuid seirbhísí a chur fáil don phobal seo trí mheán na Gaeilge, chomh fada is gur féidir leo.


Ar mhaith leat tacú linn?

Ba bhreá linn cloisteáil uait má tá aon am nó aon airgead sa bhreis agat, agus go gcreideann tú san obair atá ar bun againn. Is foireann bheag muid, ag obair le hachmhainn teoranta, agus is mór é gach cabhair dúinn.

GAEILGE  |   ENGLISH